Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Bhí feirm mhór ann agus bhí neart timireachta le déanamh. Cur síos ar an obair a bhí le déanamh aige leis an bháinne a chur i mbuidéil agus a chur i le hé a thabhairt na bhaile mhóir. Obair leis an eallach. Bhí an t-eallach le cothú ar maidin agus san oíche, na buidéil le nígh ón oíche roimh ré. Bhí léir oibre le déanamh aige. Tobar fíoruisce a bhíodh acu agus chaitheadh sé uisce a thógáil ó seo. Bhí go leor le hithe agus le hól aige, bhí leaba mhaith aige.
An deacracht a bhí aige leis féin gan cuideachta, gan teanga. Phioc sé suas béarla de réir a chéile.
Bhíodh uaireanta fada oibre aige agus bhíodh sé tuirseach. Shiúladh sé chun an Aifrinn gach Domhnach i gCaisleán na Deirge. Bhí obair chrua le déanamh ag an teaghlach fosta.
Bhí uaigneas air ar shiúl ón bhaile. Ní raibh sé ábalta comhrá a dhéanamh leo. Scríobhadh sé na bhaile gach seachtain agus chuireadh a athair scilling chuige. Ní dhíoltaí a bpá leo go deireadh. | 00:09:31 | |
D’oibir sé sna tolláin ansin ar feadh tamaill. Rinne sé rud beag geallghlacadóireacht (bookie) ansin leis na fir a bhí ag cur airgid ar na beithígh. Rinne sé airgead ar seo. Bhí am maith aige. Obair sna tolláin, na huaireanta a bhí iontu. Bhí uaireanta fada le hoibriú acu. A chuimhní ar an am sin. Is iomaí fear a gortaíodh iontu fosta. Bhí timpiste ag a dheartháir féin i gceann. Sna tolláin uisce a ba mhó a d‘oibir sé, ar na scéimeanna hidrileictreach. B’iomaí timpiste a bhí iontu fosta, a chuimhní ar am a maraíodh cara dena chuid féin. Cuimhní ar an am sin, na timpistí, an cuideachta, ag inse scéalta san oíche ina suí thart fá thinteacha. Ni dhearna sé mórán damáiste dena shláinte cé gur dearnadh de shláinte fhir eile. Bhí sé ag obair in Wimbledon fosta, a chuimhní ar sin. | 00:09:33 | |
Áiteanna eile in Sasana a d’oibir sé, Wimbledon in Londain ar feadh chúpla mí, bhí obair bhog ansin, bhí sé cóirithe i rith na hama. An difir idir an obair sin agus obair shalach. | 00:01:00 | |